An Féidir Leatsa Taipéis Bhalla a dhéanamh le Baitíc Phlúir?

bosca uirlisí_batíc3Céim 1

Bailigh na hábhair atá le húsáid agat.


baitíc02Céim 2

Measc roinnt plúir agus uisce chun ‘taos’ measartha tiubh réidh a dhéanamh. Ba chóir dó bheith leachtach go leor lena
fháisceadh trí bharr buidéal leacht níocháin. Doirt as an mbuidéal é i bpatrún nó
ar phíosa fabraic chadáis bháin. Fan go dtriomóidh sé agus go ndéanfar crústa de. Glacfaidh sé sin thart ar thrí lá.


baitíc03Céim 3

Úsáid péinteanna fabraice chun na píosaí den fhabraic nach bhfuil cumhdaithe ag an meascán plúir a phéinteáil. Lig do na dathanna
meascadh agus teacht le chéile. Cad faoi uisce a chur leis na péinteanna chun dathanna éagsúla a chruthú? Scoilt an
plúr beagáinín in áiteanna ionas go leathfaidh an phéint faoina bhun chun éifeacht fhéitheach a chruthú


baitíc04Céim 4

Nuair a bheidh an phéint tirim, pioc an plúr de. Amharc! Tá baitíc phlúir déanta agat.


baitíc05Céim 5

Cad faoin mbaitíc a mhaisiú trí roinnt línte agus cuaifeach maisithe a chur leis le guma? Nó d’fhéadfá fuáil mhaisithe a dhéanamh uirthi nó coirníní nó cnaipí a fhuáil uirthi. Ar aghaidh leat … bí cruthaitheach!


baitíc06Céim 6

Nuair a bheidh an bhaitíc déanta, tiontaigh síos fáithim ar an mbarr agus fuaigh í. Cuir bata éadrom tríd an uaim agus déan trilseán as olann lena úsáid mar chrochadán. Anois, tá do thaipéis bhalla déanta le baitíc phlúir réidh le cur ar taispeáint!


baitíc07Céim 7

Roghanna: Cad faoi do thaipéis bhalla a mhaisiú le greamanna dathúla nó coirníní, cnaipí, píosaí ribín nó olann thrilsithe a fhuáil uirthi? Bí eachtrúil!