An Féidir Leatsa Péinteáil Síoda a dhéanamh?

síoda02Céim 1

Nuair a bheidh na hábhair ar fad bailithe agat (féach an bosca uirlisí), leag amach an síoda go mín agus úsáid an guma chun pictiúr a chruthú nó a dhearadh.


síoda03Céim 2

Nuair a bheidh tú sásta le do dhearadh, tosaigh ag scuabadh do phéinteanna síoda ar an bhfabraic.


síoda04Céim 3

Féach ar na péinteanna agus iad ag meascadh agus ag teacht le chéile chun dathanna lonracha a chruthú. Féach ar an dóigh a gcruthaíonn an guma bacainn ar na péinteanna.


síoda05Céim 4

Féach ar an bpictiúr álainn geal atá cruthaithe anseo. Is é seo grianghraf de bhabhla torthaí. Bhí dath dubh ar an nguma a úsáideadh anseo. Is féidir leat an teicníocht seo a úsáid chun gach uile cineál pictiúr a chruthú ar shíoda.