An féidir leatsa leac a shaothrú?

leac02Céim 1

Ar dtús, rollaigh amach an leac. Rollaigh amach cornaí cré ansin.


leac02Céim 2

Úsáid ‘brat críche’ chun na cornaí a ghreamú den leac.


leac04Céim 3

Is féidir leat uigeacht a chur leis na leaca freisin.


leac05Céim 4

Is féidir leat potaí a thógáil ag úsáid leaca cré chomh maith. Ceangail do leac go daingean leis an mbonn, ag cinntiú nach féidir an ceangal a fheiceáil. Bain sult as do phota a mhaisiú!


leac07Céim 5

Is féidir rudaí a thógáil le leaca. Déan scór feadh bhonn gach ‘balla’ le huirlis chré, peann luaidhe nó bata.

 


leac08Céim 6

Scuab an brat críche feadh an imill ar a chur tú scór.

 


leac09Céim 7

Ceangail gach taobh go cúramach, ag cinntiú nach féidir na ceangail a fheiceáil.

 


leac10Céim 8

Cad a d’fhéadfá a úsáid chun dearaí a dhéanamh sa chré?