An Féidir Leatsa Puipéad Láimhe a Dhéanamh?

marmarú04Céim 1

An raibh a fhios agat gur féidir leat puipéad láimhe a dhéanamh ag úsáid téip chumhdaigh agus páipéar nuachta?
Smaoinigh ar charachtar puipéid ba mhaith leat a dhéanamh, nó cum do charachtar féin b’fhéidir …


puipéad02Céim 2

Ullmhaigh roinnt stráicí páipéar nuachta agus téip chumhdaigh. Stróic cúpla bileog páipéar nuachta
ina stráicí thart ar 6 cm ar leithead. Stróic thart ar 20 píosa gearr téip chumhdaigh agus greamaigh a
n-imeall de thaobh do dheisce ionas gur féidir leat iad a phiocadh suas go héasca.


puipéad03Céim 3

Clúdaigh stráice páipéar nuachta thart ar do chorrmhéar agus do mhéar láir. Ceangail le téip chumhdaigh é. Cuir ceann eile leis, ach ní gá duit é a chur díreach ar bharr an chéad stráice — cuir i dtreo beagáinín difriúil é. Ceangail le téip chumhdaigh é. Lean ort mar sin, ag coinneáil do dhá mhéar taobh istigh den chruth. Ar aghaidh leat — bí eachtrúil — déan puipéad iontach!


puipéad04Céim 4

Cuir roinnt stráicí thar bharr do mhéar chun barr chloigeann an phuipéid a chruthú. Cuir roinnt stráicí feadh an bhoinn agus thar an mbarr chun é a neartú.


puipéad05Céim 5

Stróic tuilleadh stráicí páipéar nuachta agus téip chumhdaigh de réir mar a bhíonn siad de dhíth ort. Lean ort mar sin go dtí go mbeidh an cloigeann chomh mór le húll. Fill píosaí beaga páipéir agus greamaigh den aghaidh iad chun dreacha a chruthú. Ar aghaidh leat — bí eachtrúil — déan puipéad iontach!


puipéad07Céim 6

Nuair a bheidh tú sásta le haghaidh do phuipéid, bain úsáid as péint scoile chun na dathanna a theastaíonn uait le é a phéinteáil a mheascadh. Cuir mionghnéithe leis. An mbeidh hata ar do phuipéad? Gruaig? Banda gruaige? Croiméal? Féasóg? Spéaclaí? Fáinní cluaise? Cad iad na hábhair a úsáidfidh tú chun iad sin a dhéanamh?


puipéad08Céim 7

Déan culaith do do phuipéad ag baint úsáid as seanfhabraic. Gearr cruth t-léine amach, le muineál fada, rud a bheidh mór go leor chun é a shleamhnú thar do láimh agus do rosta. Fuaigh na huamanna. Maisigh le coirníní, cnaipí, seacainí nó cibé rud is mian leat é. Sleamhnaigh an chulaith thar do láimh agus do rosta, ag cur d’ordóige trí pholl na hascaille agus do 4ú méire bige tríd an gceann eile. Feistíonn cloigeann an phuipéid ar do chorrmhéar agus ar do mhéar láir. Bain sult as!