Téarmaí agus Coinníollacha

Is tábhachtach na téarmaí agus na coinníollacha seo a léamh go cúramach.

Nuair a bhaineann tú úsáid as I AM AN ARTIST, tá tú ag admháil go n-aontaíonn tú leis na téarmaí seo. Mura n-aontaíonn tú leis na téarmaí seo, níor chóir duit an suíomh a úsáid ná ábhair a íoslódáil uaidh. Ba chóir duit an cháipéis seo a athléamh ó am go chéile ionas go gcoimeádfar ar an eolas thú faoi athruithe ar bith.


Ábhar an tsuímh I AM AN ARTIST

Faightear an t-ábhar ar an suíomh Idirlín seo ó réimse leathan foinsí – naisc sheachtracha atá i gceist le cuid de agus is ábhar féintáirgthe cuid de. Ba chóir amharc air mar eolas ginearálta agus ní mar mholadh ná comhairle faoi leith.

Sula dtugtar faoi ghníomhaíocht nó faoi chinneadh ar bith bunaithe ar ábhar I AM AN ARTIST ba chóir treoir ghairmiúil a lorg i dtólamh. Ní ghlacann I AM AN ARTIST freagracht as na tuairimí, as an gcomhairle ná as na moltaí atá ar an suíomh Idirlín.

Dá bharr sin, ní bheimid faoi dhliteanas maidir le héilimh, caillteanais, gortuithe, pionóis, damáistí, costais ná speansais ar bith a eascróidh as úsáid I AM AN ARTIST ná as an ábhar atá ann. Ina theannta sin, ní féidir linn a dheimhniú go bhfuil an suíomh Idirlín saor ó víris ná ó éilliú crua-earraí nó bogearraí eile, nó go bhfuil an suíomh comhoiriúnach le córas ríomhaireachta, le brabhsálaí nó le bogearraí ar bith eile.

Is le haghaidh úsáid phearsanta agus le haghaidh úsáid múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí ar mhaithe le hoideachas a chuirtear an t-ábhar uile ar fáil. Ní féidir é a úsáid ach amháin le haghaidh cuspóirí neamhthráchtála. Tá naisc le hábhar I AM AN ARTIST ceadaithe gan gá le cead i scríbhinn roimh ré. Forchoimeádann I AM AN ARTIST, áfach, an ceart chun an cead sin a tharraingt siar gan mhíniú, má tá, dar lena bhreithiúnas féin, úsáid nasc den chineál seo míchuí.


Naisc Sheachtracha

Soláthraíonn I AM AN ARTIST cuid mhór nasc chuig suíomhanna Idirlín seachtracha. Níl aon smacht ag I AM AN ARTIST ar ábhar ná ar bheartais príobháideachais na suíomhanna sin, agus ní féidir leis a bheith freagrach as.
Má aimsíonn tú ábhar mí-oiriúnach ar cheann ar bith de na suíomhanna nasctha sin, ba chóir duit ríomhphost a chur chuig info@scoilnet.ie láithreach bonn.

As siocair go n-athraíonn seoltaí gréasáin ó am go céile, ní féidir linn a dheimhniú go mbeidh nasc atá san áireamh ar ár suíomh cruinn, reatha ná ar fáil an tráth a iarrann tú é.


Cóipcheart

Tá an t-ábhar ar an suíomh seo faoi chosaint cóipchirt de réir dhlí na hÉireann agus na hEorpa. Rinneadh gach iarracht sealbhóirí cóipchirt na n-íomhánna a úsáidtear ar an suíomh seo a rianú. Sa líon beag cásanna nach rabhamar ábalta sin a dhéanamh, bheimis sásta iad a cheartú ach fógra a fháil.

Ní ceadmhach d’úsáideoirí aon íomhá ar an suíomh Idirlín seo a atáirgeadh, a íoslódáil, a stóráil i meán ar bith, a dháileadh, a tharchur, a atarchur nó a ionramháil.

Ní ceadmhach an t-ábhar a atáirgeadh le haghaidh cuspóirí tráchtála. D’fhéadfadh freisin go mbeidh srianta cóipchirt ar an ábhar laistigh de na suíomhanna nasctha taobh amuigh de I AM AN ARTIST agus ba chóir é seo a sheiceáil ar na suíomhanna Idirlín seo má tá sé beartaithe agat an t-ábhar a úsáid ar bhealach ar bith.


Dlínse Dhlíthiúil

Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann i ndáil le díospóid ar bith a eascraíonn as an suíomh Idirlín seo.