Smaointe do Thionscadal

Ealaín ar Bhallaí

Áiteanna agus Dathanna

Dathanna Rudaí

Dathanna Rudaí

Gnáthnithe

Líníocht – Roghnaigh mír sceanra; amharc air ó roinnt taobhanna. Mothaigh a chruth i do lámh. An féidir leat cur síos a dhéanamh air? Déan líníocht de. Amharc ar roinnt míreanna eile sceanra. An féidir leat líníochtaí a dhéanamh díobh? Bain úsáid as uirlisí éagsúla, m.sh. pinn luaidhe, pastail, pinn dhaite.

Péint agus Dath – An bhfuil dath ar bith i do sceanra? Cén dath atá ar na cosa? Cén dath atá ar an miotal? Agus úsáid á baint agat as péint nó pastail, déan pictiúr de roinnt míreanna ón tarraiceán sceanra. Déan iarracht na dathanna a dhéanamh chomh cosúil leis an sceanra atá agat agus is féidir leat.

Priontáil – Amharc go maith ar roinnt míreanna sceanra. An bhféadfá stionsail a dhéanamh sna cruthanna sin? Bain triail as agus déan cuimilteáin díobh. D’fhéadfá úsáid a bhaint chomh maith as na stionsail chun na píosaí ina bhfuil monaiphrionta a chlúdach. Téigh ar lorg roinnt ‘nithe a fuarthas’, e.g. spúinsí, scuaba fiacla, sreangán, cairtpháipéar rocach, etc. Bain úsáid astu sin chun priontaí a dhéanamh de mhíreanna sceanra – bí cruthaitheach!

Cré – Déan leac chré a rolladh amach. Brúigh míreanna sceanra isteach ann. Cad is féidir leat a fheiceáil? Mothaigh mír sceanra i do láimh, cé na cruthanna atá uirthi? Déan cur síos orthu. An féidir leat na cruthanna sin a dhéanamh leis an gcré? Ceap mír nua sceanra leis an gcré!

Tógáil – Feicfimid cé chomh cruthaitheach is atá tú! Amharc ar roinnt míreanna sceanra. Cad as a bhfuil siad déanta? Cad iad na hábhair a d’fhéadfá a úsáid chun míreanna sceanra a dhéanamh? Cairtpháipéar? Páipéar? Scragall stáin? Sreang? Eile? Déan machnamh air sin agus bain triail as!

Fabraic agus Snáithín – Cén sceanra a úsáideann tú chun do dhinnéar a ithe? Cén dóigh a leagann tú an bord? Agus fabraicí á n-úsáid, an bhféadfá appliqué cóiriú ionaid a dhéanamh don dinnéar? Bí cruthaitheach le huigeacht agus le dathanna na bhfabraicí. Bain sult as!


Ballaí

Líníocht  – Amharc go grinn ar bhalla. Teann isteach leis; cad a fheiceann tú? An gcuideodh gloine formhéadúcháin nó tóirse leat amharc isteach go maith sna scoilteanna. An bhfuil rud ar bith ina chónaí sa bhalla/ar an mballa? Cuir do lámh ar an mballa, cén cineál uigeachta atá aige? An féidir leat líníocht a dhéanamh de chuid den bhalla? Bain triail as lorgán radhairc chun cuid de a roghnú lena tarraingt.

Péint agus Dath – An féidir leat dath ar bith sa bhalla/ar an mballa a fheiceáil? An bhfuil rud ar bith ag fás ar an mballa? An bhfuil rud ar bith i bhfolach sna scoilteanna? Cinn cad ba mhaith leat a phéinteáil faoin mballa. Cé chomh maith is atá tú ag meascadh dathanna? An féidir leat do dhathanna a dhéanamh cosúil leis na dathanna sa bhalla?

Priontáil – An cuimhin leat conas cuimilteáin a dhéanamh? Iompaíonn tú crián ar a thaobh, cuireann tú an leathanach os cionn an ní agus cuimlíonn tú leis an gcrián é. An bhféadfá
cuimilteáin a bhaint den bhalla? Bain triail as dathanna éagsúla a úsáid. Cuir na dathanna ar a chéile agus féach cad a tharlaíonn. An bhféadfá priontaí a dhéanamh de chruth na mbrící/gcloch sa bhalla ag baint úsáid as nithe amhail spúinsí/clocha/píosaí Lego/páipéar brúiscthe/seanscuaba fiacla? An bhféadfá stionsail a dhéanamh chun prionta den bhalla
nó de rud éigin atá ina chónaí ar an mballa a dhéanamh? Cén dóigh a gcuirfidh tú uigeacht le do phrionta? Má tá rollóirí, Perspex agus dúigh bhlocphriontála agat, d’fhéadfá monaiphriontaí a dhéanamh den bhalla nó rud éigin faoin mballa.

Cré – Cuir barr do mhéire feadh an bhalla. Cad a mhothaíonn tú? Cad a tharlódh dá ndéanfá leac chré a bhrú in éadan an bhalla?
Bain triail as. Cad a tharla don leac? Má dhoirteann tú roinnt plástar Pháras isteach sa leac agus má ligeann tú dó triomú gheobhaidh tú múnla de dhromchla an
bhalla! Déan leac chré a rolladh amach agus úsáid roinnt nithe a d’aimsigh tú chun uigeacht an bhalla a chruthú. An féidir leat ‘clocha’ nó ‘brící’ a dhéanamh le do chré agus balla a thógáil leo?
An bhfuair tú créatúir shuimiúla ar bith ar an mballa nó i scoilteanna an bhalla? Bain triail as múnlaí a dhéanamh de cibé nithe a fuair tú ag úsáid do chré.

Tógáil – An bhfuil bréagáin tógála ar bith i do sheomra ranga (bloic adhmaid, lego nó knex)? An gceapann tú go mbeifeá ábalta balla a thógáil ag baint úsáid as ceann ar bith nó ag baint úsáid astú uile?
An féidir leat smaoineamh ar ábhair ar bith eile a d’fhéadfá a úsáid chun balla a thógáil? Bain triail as clocha (méid ar bith), móin, a úsáid. An bhféadfá colláis a dhéanamh ag baint úsáid as páipéar?
Cén cineál uigeachta a dhéanfá ar an bpáipéar le páipéar 3D a dhéanamh de? Cad iad na dathanna a roghnófá? Arbh fhearr leat balla cloiche nó balla brící?

Fabraic agus Snáithín – Smaoinigh ar na rudaí suimiúla a thug tú faoi deara faoin mballa. An bhféadfá fuílligh fabraice agus shnáithíní a úsáid chun colláis a dhéanamh de cheann ar bith díobh? Cad faoi thaipéis bhalla a dhéanamh bunaithe ar a bhfuil feicthe agat? B’fhéidir gur mhaith leat fíodóireacht a dhéanamh dá bhfuil feicthe agat.

 


Uisce

Líníocht – Roghnaigh an uirlis líníochta is fearr leat agus déan líníocht d’uisce agus é ag gluaiseacht. B’fhéidir go bhféadfá líníocht a dhéanamh d’uisce agus é ag teacht amach as sconna, nó uisce ag gluaiseacht thart i do mheaisín níocháin, nó eas gar do do theach, nó bád bréagach ag seoladh ar an linn. Cad iad na bealaí eile ina ngluaiseann uisce? B’fhéidir go raibh eachtra agat san uisce nó ar an uisce, ar nós turas báid, lá ar an trá nó cuairt ar uisceadán. D’fhéadfá pictiúr a tharraingt de sin!

Péint agus Dath – Cad iad na dathanna ar a smaoiníonn tú nuair a smaoiníonn tú ar uisce ina fhoinn éagsúla? Cad iad na dathanna a chuireann mórtas farraige, lá grianmhar ag an trá, frogaí i linn, cith trom, nó bolcáin i bhfolcadán i gcuimhne duit? Tarraing pictiúr de radharc a roghnaíonn tú ag baint úsáid as na dathanna a chuireann an t-uisce i gcuimhne duit amháin. Ar ndóigh, ní gá gur radharc atá ann, thiocfadh leis a bheith ina phictiúr patrúin nuair nach n-úsáideann tú ach línte, poncanna, daiseanna, línte cuartha agus cruthanna.

Priontáil – Cad iad na créatúir shuimiúla a chónaíonn san uisce? Roghnaigh ceann amháin agus déan léaráid imlíneach de ar bhloc beag adhmaid. D’fhéadfadh crosóg mhara, capall mara, seilide uisce, ochtapas nó ainmhí nó planda ar bith a bhfuil cónaí orthu in uisce a bheith i gceist anseo. Greamaigh eisiatóir seoidire nó sreangán de do líníocht le gliú chun bloc priontála a dhéanamh. Priontáil do bhloc ar pháipéar nó ar fhabraic.

Cré – Ar oibrigh tú le cré riamh? An féidir leat í a phriocadh, sonc a bhaint aisti, í a rolladh, agus rudaí eile a chur isteach inti? Cén cineál ainmhithe faoi uisce ar féidir leat iad a dhéanamh le cré? Faigh liathróid chré agus déan smugairle róin de. Roll suas do chré arís agus déan iasc de. Roll suas arís é agus déan ochtapas de, agus ansin déan crosóg mhara de. Roghnaigh an t-iasc is fearr leat ar deireadh, lig dó triomú agus péinteáil ansin é.

Tógáil – Ar bhain tú triail riamh as mionsamhail lánléargais a dhéanamh? Tá mionsamhail lánléargais giota beag cosúil le seit stáitse. Oibrigh le grúpa de do chuid cairde chun ceann a dhéanamh. Seo a leanas roinnt smaointe: (1) radharc faoin uisce, (2) radharc as leabhar nó scéal a bhaineann le huisce, (3) radharc cuain, nó (4) radharc taobh istigh d’fhomhuireán nó long. Is é do rogha féin é. Tosaigh le
bosca a fháil agus gach cineál ábhar a úsáid chun radharc a dhéanamh sa bhosca. Beidh ort urlár, síleáil, taobhanna agus cúl an bhosca a mhaisiú agus is féidir leat péint, colláis, nó teicníochtaí montáiste a úsáid anseo.

Fabraic agus Snáithín – Cuardaigh do bhosca gléasta suas nó feistis agus téigh ar lorg rudaí is féidir a úsáid chun culaith a dhéanamh do charachtar a bhaineann leis an uisce. D’fhéadfadh an carachtar sin a bheith ina mhairnéalach, ina maighdean mhara, Neiptiún, nó carachtar ar bith eile. Nó b’fhéidir gur mhaith leat pictiúr fabraice a dhéanamh de chúrsaí uisce? Oibrigh ar phíosa beag Heiseáin agus déan snáitheanna
a fhí nó a fhuáil i ndathanna uisciúla air.