An féidir leatsa spraoi le línte?

Céim 1

In áit pictiúr a tharraingt de rud éigin atá san intinn againn, beidh spraoi againn ag iniúchadh línte
agus ag triail rudaí nua leo.


íomhá-01Céim 2

Tosaigh le cineál líne éigin. Líne chorrach atá roghnaithe agamsa.


íomhá-02Céim 3

Cuir cúpla líne eile leis.


íomhá-03Céim 4

Féach! Tá rud éigin sa bhealach orm.


íomhá-04Céim 5

Tarraing an líne timpeall ar an mbac sin.

 


íomhá-05Céim 6

Tarraing cúpla bac eile agus tarraing do chuid línte thart timpeall orthu.

 


íomhá-06Céim 7

Féach anois! Tá mo chuid línte corracha ar fad tarraingthe timpeall ar na baic ar fad.


íomhá-07Céim 8

Cuirimis roinnt dathanna isteach. Chuir mo chuid línte an t-uisce i gcuimhne dom. Mar sin, d’úsáid mé dathanna a chuireann an t‑uisce i gcuimhne dom – dathanna glasa agus gorma.