An féidir leatsa línte a aimsiú?

Céim 1

Tá línte le feiceáil i ngach uile áit. Féach timpeall ort féin agus aimsigh na háiteanna a bhfeiceann tú féin línte. Anois, an féidir leat na línte sna pictiúir seo a aimsiú agus cur síos a dhéanamh orthu?


seomra_folctha_gan_línteCéim 2

Cé na cineálacha línte a fheiceann tú sa seomra folctha seo? Cén chomparáid is féidir a dhéanamh idir na línte sin agus na línte i do sheomra folctha sa bhaile?


ceol_gan_línteCéim 3

An bhfuil na línte sa scór ceoil seo díreach, cuartha nó fiarlánach?


gairdín_gan_línteCéim 4

Tá do chlós nó do ghairdín lán le línte. Déan cur síos ar na cineálacha línte a fheiceann tú sa ghairdín seo agus an áit a bhfuil siad.


lasmuigh_den_teach_gan_línteCéim 5

Níl ach aon chineál líne amháin, go príomha, in imlíne an tí seo. An bhfeiceann tú iad?


laistigh_den_teach_gan_línteCéim 6

Is iomaí líne atá le feiceáil ar leabhair, mar shampla. Cé na cineálacha línte atá ar na leabhair i do mhála scoile nó i do sheomra ranga?

 


 áit_phoiblí_gan_línteCéim 7

Tá línte ar an mbinse gairdín seo. Déan cur síos ar na cineálacha línte a fheiceann tú ar an mbinse gairdín seo.


Céim 8

An raibh an ceart agat? Ar aimsigh tú na línte seo?

seomra_folctha_le_línte ceol_le_línte

gairdín_le_línte

laistigh_den_teach_le_línte

lasmuigh_den_teach_le_línteáit_phoiblí_le_línte