Eolas Fúinn

Cad é I AM AN ARTIST?

Tionscnamh amharcealaíon é I AM AN ARTIST atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí bunscoile in Éirinn an curaclam amharcealaíon a ghlacadh agus a thabhairt. Cuimsíonn sé 30 gearrchlár teilifíse (6 nóiméad ar fhad an ceann) agus suíomh Idirlín idirghníomhach ar a bhfuil taispeántais sleamhnán, ceachtanna, naisc Idirlín agus cluichí idirghníomhacha, ar bailiúchán spreagúil acmhainní é atá ceangailte leis an gcuraclam agus a thugann tacaíocht agus cumhacht don mhúinteoir agus don dalta.


 

Cé a scríobh ábhar I AM AN ARTIST?

Cruthaíodh ábhar I AM AN ARTIST i gcomhar le múinteoirí Éireannacha.


 

Cé a d’fhorbair I AM AN ARTIST?
Ba chuid de thionscadal comhoibríoch idir RTÉ agus an tIonad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas (mar ghníomhaireacht de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta) é
I AM AN ARTIST  a bhí ar siúl in 2004. IMMERSE ab ainm don tionscadal comhoibríoch sin – Acmhainní Ilmheán Oideachais Nuálacha do Mhic Léinn agus d’Oideachasóirí.
Ba é ab aidhm leis acmhainní nuálacha idirghníomhacha a bhaineann leis an gcuraclam a fhorbairt do dhaltaí agus do mhúinteoirí chóras oideachais na hÉireann.