An féidir leatsa pota méaraithe a dhéanamh?

pinch01 Céim 1

Déan liathróid chré a rolladh amach ar dtús.


pinch02Céim 2

Brúigh do dhá ordóg isteach sa liathróid chré.


pinch03Céim 3

Brúigh an chré amach le d’ordóga.


pinch04Céim 4

Tiontaigh an liathróid agus tú ag fáisceadh na cré idir do mhéara agus d’ordóga. Déan iarracht an tiús a choinneáil mar an gcéanna thart air go léir.


pinch05Céim 5

Is féidir leat do phota a mhaisiú ag baint úsáid as uirlisí cré, nithe a fuarthas, péint. An féidir leat smaoineamh ar dhóigheanna eile le pota a mhaisiú?